Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.) (uimhir rolla 10755)

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Michael Ó Conchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 333

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 333

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile 'n Fhirtéaraigh (B.)
  2. XML Leathanach 333
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí bean i Muilean béal átha fadó, agus Cáit Ní Shúileabháin a b'ainm di. Bhí sí pósta agus bhí a fear i bpríosún i dtráighlí. An lá so bhí cúirt le beith ar an bhfear i dtráigh lí agus chuaidh sí féin ann chun fidhnéacht do dhéanamh do. D'fhág sí an Muileann nuair a bhí an ghrian ag gobadh aníos ar maidin agus thug sí leanbh ar a bhacalainn leí, agus bhí sí féin agus an leanbh agus a fear aige baile sul a raibh an ghrian dulta fé tráthnóna. Sin dhá mhíle is ceithre fichead an turas ar fad.
    Bhí fear eile i gClochar agus bhí sé ar meisge ag teacht abhaile oidhche agus rug na gárdaí air agus cuireadar fineáil air. Ar maidin lae na cúirte, tháinig sé go tig na ngárdí i mbaile'n fheirtéuraig dúbradar leis na raibh aige acht trí ceathramha uaire cluig chun bheith thíos i gcóir na cúirte. D'fhág se tig na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seamus Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Dómhnaill Ó Catháin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí