Ar Lá Bealtaine deirtear nach ceart an luatha chaitheamh amach, acht é fághail cois an teaglaigh. Deirtear freisinnach ceart asal ná capall a shrathrughadh ar an lá sin, ná bainne a thiubhairt do aon chomharsain. Is gnáthach leo freisin ar "lá crosta na bliadhna", ar an 28 adh de Nodlaig. Dar le daoiníbh, ní ceart tosughadh ar chuireadóireacht ar Dia Satharn, agus deirtear gurbé Dia h-Aoine an lá is fearr, agus tá sé ráidhte aon síol a chuirtear san talamh ar Aoine an chéasta nach loiceann sé. Aon lá'l amháin. Mártan stop na muilte inGaillimh mar gheall ar iad a bheith ag obair an lá sin, agus deirtear nach ceart a bheith ag dul timcheall le carr ná ag obair
(continues on next page)