School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loch Muc, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 56

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 56

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Lochmuice
  2. XML Page 56
  3. XML “Scéal Greannmhar”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí sean lánamhain ann aon uair amháín darbh ainm Domhnall agus Máire. Bhí na créatúir bocht sa t-saoghal. Bhí Domhnall agus bhí Máire amaideach. Bhíodh an fear ag saothrughadh paighe gach lá agus bhíódh an bhean ag coimhead an tighe. Lá amháin fuair Domhnall cloch muicfheola mar paighe lae. Nuair a tháinic sé na bhaile san oidhche thug sé an mhuicfheoil do Mháire agus ar seisean, "conbheochaidh sin muicfheoil leis an chail dúínn go ceann fada" "conbheochaidh cinnte" ar sise. D'imthigh an fear a' airneál. Thug Máire leithe an mhuicfheoil agus cuir giota le achan ceartlinn cáil sa ghairidh. Nuair a chuaigh sí a luighe, thoisigh na madraidh a thafann sa ghairidh. "Go sabhalfaidh Dia mé" arsa Domhnall "tá madaidh an bhaile cruinn sa gharraidh cibé tá cearr". "Cinnte ní ag an mhuicfheoil atá siad" arsa Máire. "Cé'n mhuicfheoil?" arsa Domhnall. "An mhuicfheoil a chuir mise leis an cáil ar ball." "Arú" arsa Domhnall "nar iarr mise ort é a chonghail chun a bhruith leis an cháil, ag éirghe amaideach atá tú."
    Lá ar na bhárach fuair Domhnall cead mine buidhe mar phaighe. Ag teacht na bhaile dó arseisean, "Tá súil agam nach gcuirfidh tú an min amugha mar rinne tú leis an mhuicfheoil. Déanfaidh sé brachan dúínn go cionn míósa." "Déanfaidh ar ndoighe," arsa Máire. Bhí go maith a's
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Folktales index
    AT1386: Meat as Food for Cabbage
    AT1653: The Robbers under the Tree
    Language
    Irish
    Collector
    Conall Ó Gallcobhair
    Gender
    Male
    Address
    An Dearachán Beag, Co. Donegal
    Informant
    Liam Mac Daeid
    Gender
    Male
    Address
    Mín an Arbhair, Co. Donegal