School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 55
- XML “Fir Mhaithe Siúil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ins an chuibhreann agus nuair a stad an carr d'fhág sé an spad ins an chuibhreann agus d'imthigh leis ach bhí an fear seo ar a chúl. D'imthigh sé síos Cnoc-Leitreach agus ar shiubhail síós Glaise suas Mín na Gualann suas ar chnoc síos an taoibh eile go rabh siad ag Mín na Cuileann. Roimhe sin bhí siad ag dul suas pairc agus bhí fir ag obair ann. D'imthigh Seán Ó Gallchobhair suas fríd an chuibhreann ach nuair a tháinig an fear seo fhad leis an chuibhreann ní leigfidh suas an bhuibhreann é b'éigin do gul thart air. Bhí an fear ar shiubhail ar annsin, nuair a tháinig siad go Mín na Cuileann bhí Loch ann chuaidh sé i bhfolach annsin. Nuair a tháinig an fear ag Baile Átha Cliath ar amach ní rabh Seán Ó Gallchobhair le feiceáil. D'imthigh siad na bhaile ach ní thiocfadh le duine ar bith é a fhághail.Siubhan Ní Thiomanaidhe Mín a t-Samhaidh Baile na Finne a sgríobh é; mo mhathair a d'innis damh é.
- Collector
- Siubhan Ní Thiomanaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Mín an tSamhaidh, Co. Donegal