Máighréad Ní Thiomanaidhe a thug damh é. As Mín an t-Samhaí í (25 bl.), a hathair, Pádruig Ó Tiomanaidhe a rinne é tuairim is dá fhichead blian ó shoin, fá dtaoibh fear as Baile Átha Cliath.
Chuaidh mé go Tír Chonaill seal tamaill gearr ó shoin,
Casadh mórán cailín damh bhí sábháil, dáomhail, suairc
Níorbh fhada damhsa oidhche ann ag filidheacht is ceol
Ach ní fhaca mise sárughadh ann, 'sí plúr na gcailín n-óg.
Ag cruinniughadh sgéaltaí is filidheachta a d'fhág mé Baile A'Cliath,
Shiubhail mé timcheall Éireann as sin go Cloachán Liath;
Is iomdha óig-bhean saoitheamhail a chonnaic mé in gach ród
Ach chuir mé spéis i bhean acu 'sí plúr na gcailín n-óg.
Dá bhfeiceadh sibhse an stáid-bhean seo, 'siubhal sráide Bhaile A'Cliath
Déarfadh sibh le chéile cérb' as an cailín breagh;
D'innseóchainn a h-ainm daobh, an stáid-bhean ciúin gan bhród
Gur bánrioghán bhán Thír Chonaill í, nó plúr na gcailín n-óg.
Dá m'fhéidir damhsa a bhréaghthacht a innsint mar ba chóir,
in Irisleabhar na Gaedhilice i dtaoibh an chailín chóír,
Tiocfadh siad in a slóighte go bhfeicfeadh siad an tseóid,
I dTír Chonaill ins na sléibhte, 'sí plúr na gcailín n-óg.
(continues on next page)