School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 108
- XML “Na Tiarnaí Talaimh”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí tighearnaí talaimh annseo i bhfad ó shoin agus bhí cuid acu iongantach géar ar na daoine. Hamilton a bhí ins an áit seo agus (Wilson) a bhí i gCnocleitreach agus bhí sé iongantach géar.
Bhí Wilson ag gabhal isteach ins na toighthe agus ag tabhairt leis na rudaí a b'fhearr a bhí ionnta, ach bheireadh na daoine na doirse agus na rudaí a b'fhearr a bhíódh acu suas go mullach cnuic agus bhéadh an tighearna talaimh ábalta iad fagháil.
Bhí an tighearna talaimh a bhí ar na Gleanntaí ag brath daoine eiginteacht a chur amach as a gcuid talamh ach chuaidh na daoine siar na nGleanntach agus ní leigfeadh na daoine na Gardaí iad a chur amach as an teach. Bhí an olc ag na daoine do na tighearnaí talaimh nó bhíodh an cíos an trom agus mur ndíolfadh na daoine é chuiridh amach as a gcuid toighthe iad. Bhíodh na daoine ag marbhughadh na gcearc fraoich ar na tighearnaí talaimh.S. Ó Cuinn, Lochmuc, Baile na Finne, Leithbhearr.- Collector
- S. O Cuinn
- Address
- Loch Muc, Co. Donegal