Maighréad Ní Chuinn a chuala a h-athair a innsint comh fada ó shoin ? tá cuimhne aici. Bhíodh a h-athair 60 bl. an uair sin, chaith sé a shaoghal ar fad annseo. Bhéadh 40 bl. ann ó chuala sí an sgéal.
Fear uasal a bhí ina chomhnuidhe ar an Mhaas nó b'fhéidir ní b'fhuide ar shiubhal na é. Tógadh na h-eallaigha ir. Indiaidh sin d'fheiceáil ag imtheacht dubhairt sé as a amharc go raibh sé annsin le seacht mbliahdain agus nach bhfaca sé cathair ar mhaith é. Faoin dreisiúr a chaith an fear beag a chuid ama ag déanamh "bogha an arrows" (gunnaí adhmaid). D'fhiafruigh an fear beag de ce acu choisgfeadh sé an chreach nó ceappadh sé an t-ór. Dubhairt sé go gceapfadh sé an t-ór.
Dubhairt an fear beag go gcaithfeadh sé péire bróg a dhéanamh do fhear an chéad uair. Níor chaith sé bróga nó stocaí ariamh acht é ina shuidhe annsin ar fad ag déanamh "bogha an arrows". Nuair bhí na bróga déanta bhí siad ró-bheag aige agus b'éigean do péire eile a dhéanamh. D'imthigh siad annsin agus ní fuair siad suas leis an dream a thiomáin an t-eallach go raibh siad ag an áit ar a bhfuil an t-ainm "Bealach na gCreach" anois.
Scaoil an fear beag leo annsin, bhí na "bogha an arrows" leis. Cheap sé deireadh agus thionntuigh sé na h-eallaigh ina bhaile arís. Bhí an fear uasail chomh buidheach sin leis go ndubhairt sé na gcaithfeadh sé rud ar bith air da bhfuigheadh sé.
(continues on next page)