School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Tobar i Srath na gCapóg

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 6

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Máighread Ní Chuinn, Lochmuice (50 bliadhna) a d'innis an sgéal. Fuair sí o Mhicheál Ó Cuinn, aois 20 bliadhan, a fuair an sgéal seo ó shean-bhean é, Brighid Ní Thiomanaidhe ("Biddy Bhán Bhrianey", bhí sé pósta acht ní fios cé'n sloinneadh a bhí ar a fear) a bhí in a chomhnuidhe i Sráth na gCapóg agus is ann a chaith sí a saoghal. Bhí sí fá thuairim 70 mbliahdain an tráth seo, 9 mbliadhna ó shoin; fuair sí bás tamall gearr in a dhiaidh sin. I Loch Muice atá cómhnuidhe ar Mhicheál Ó Cuinn.

Fear agus bean a bhí i Sráth na gCapóg i bhfad ó shoin agus ní raibh teaghlach ar bith acu. Bhí siad an-bhuadhartha faoi nach raibh ach aon oidhche amháin fuair siad cúpla mac agus ar maidin d'amharc siad amuigh agus bhí dhá shearrach ag an chapall, bhí dhá choileán ag an chú, agus bhí dhá sheabhach óga ag an tseabhac. Bhí an-bhród annsin ortha nuair a bhí an saoghal ag éirghe leobhtha.
Bhí an bheirt ghasúr annsin go raibh siad mór agus annsin rinne fear acu amach go n-imtheochadh sé. Ní raibh bealach acu leitir fhághail uaidh agus dubhairt sé leobhtha an tobar a choiméad, nuair a thiocfadh uachtar fola air go mbeadh fhios acu annsin go rabh seisean marbh.
D'imthigh sé annsin, é fhéin agus an seabhach, agus an cú agus an beathach (capall). Shiubhal sé leis go raibh neoin agus deireadh lae ann. Chuaidh sé isteach chuig Cailleach na gCíor agus d'iarr sé lóistín uirri; agus dubhairt sise na dtiocfadh leithe na go raibh Fáthach an Domhain Thoir le teacht tráthnóna thar na bhárach go mairbheochadh sé uiligh iad. Dubhairt sé gur chuma, go bhfanfadh

(continues on next page)
Collector
Áine M. Ní Fhuathaigh
Gender
female
Informant
Máighread Ní Chuinn
Gender
female
Age
50
Address
Loughmuck, Co. Donegal
Language
Irish