School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 3
- XML “Scéal - An Bhean Fhalsa”
- XML “Bealach an Bhracháin”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)h-iarradh uirre gan é dhéanamh. Bhí an gheall bainte aici. Chuaidh achan duine 'na bhaile annsin agus bhí an céad punt leobhtha-san.
- Tá a fhios ag an chuid is mó de na daoine thart annseo an fáth gur tugadh an t-ainm sin do'n bhealach; Pádruig Ó Cuinn, Loachmuice (72 bliadhna) d'innis domh é. Bhí sé ag obair ann agus é in a stócach nuair a bhí an bóthar a dhéanamh, fágann sin gur déanadh é timcheall 56 bl. ó shoin)27-7-34
An Sagart Mac Aoidh, sagart paróiste ins na Gleanntaí a fuair déantaé, mar aithghiorra do mhuinntir Mín a' Chait, Mín a' Líneachain, agus Bealach na gCruach, fá choinne dul ag an Aifreann i mBaile na Finne. Ní raibh teach phobail ar bith ar an Éadan fá'n am.
Ní raibh préataí ar bith ann an bhliadhan sin agus in áit airgif a thabhairt do na daoine bheireadh sé céad mine buidhe dóibh mar pháighe seachtmhaine, acht duine ar bith a bhí i bhfad ó'n tsiopa bheireadh sé an t-airgead do. Bhíodh a mhuinntir ag iomchur brocháin fá choinne a ndinnéara do'n bhunadh bhí ag obair, sin mar fuair sé a ainm.
Bhí sé in úsáid i ndiaidh thógáil an teach phobail ar an Éadan agus bealach cairt maith ann go dtí an bhliadhan a tháinig an Tuile Mhór 1908 nó 1910. Tugadh ar shiubhal an dá dhroichead (ceann amuigh agus ceann istigh) agus níor deisiughadh an bóthar ó shoin.- Collector
- Áine M. Ní Fhuathaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Pádraig Ó Chuinn
- Gender
- Male
- Age
- 72
- Address
- Loch Muc, Co. Donegal