School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 46
- XML (no title)
- XML “Oíche Shamhna”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí lanamhan ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin ann.”
(continued from previous page)sméar liom. Posadh an bheirt annsin agus bhí báinsis lá agus bliahdain ann agus b'fhearr an lá deirneach ná an chéad lá. Chuaidh siadsan an tát agus chuaidh sise an clochán baitheadh iadsan agus tá mise annseo.- I bhfad ó shoin ba ghnáthach le na daoine cabaiste a chaitheamh ag an doras. Fosta bhíodh siad ag ithe sgadán os comhair gloine agus an sgadán a ithe i trí ghreim agus i lár na h-oidhche thiocfadh an fear a bhí i ndán dóibh agus béarfaidh sé deoch dóibh mar bhéidh tart ortha i ndiaidh an sgadáin d'ithe. Rachadh na cailíní amach ins an mheadhon oidhche go bhfeicfeadh siad an fear a mbíodh aca mar bheadh sgála an fhir ina an tobar nuair a amharcadh siad isteach. Ba ghnáthach leo trí bhoul a chuir ar an tábla cuireadh siad uisc glan ins an chéad boul, uisce salach ins an dara boul agus gan uisce ar bith ins an tríomhadh boul. Cuirtí dallóg ar shúile na gcailíní. Dá gcuireadh duine aca a mhéir ins an uisce glan gheobhadh sí fear óg agus dá gcuireadh sí a láimh ins an uisce slach gheobhadh sí sean-fhear agus dá gcuireadh sí a láimh ins an bhoul na raibh uisce ar bith ann ní bhfuigheadh sí fear ar bith.
Theigheadh siad amach fosta go dtí an ath-aol agus bheadh cuthóg snaithe aca. Chaitheadh siad an chuthóg snaithe treasna na h-aithe agus choinneóchadh sí taoibh amháin de'n snath(continues on next page)- Collector
- Séamus Ó Tiomanaidhe
- Gender
- Male
- Address
- Mín an tSamhaidh, Co. Donegal