School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 95
- XML “Tairngreacht Cholm Cille”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann agus bhí sé sean agus bhí an t-am ag cur an-ghéar leis agus chuaidh sé chuig Colm Cille a ghiarraidh comhairle caidé bh'fearr dó dhéanadh.
Bhí Colm i ndiaidh leabhar na tarngaireacht a sgríobh: Caidé bhí dul agat féin a dhéanadh a deir Colm leis. "Bhí dúl agam oidhche dó chaitheadh in-athan teach," "tá an t-am cruaidh adeir Colm leis agus ba ghairid go níreochadh na daoine tuirseach duit.
Smaoitighim amannaí a ghabhal a chruinniughadh, bhéadh sin onóireach arsa Colm, ach tá tú sean agus ní bheitheá abálta, oiread fhagháil is chongbhóchadh beo tú. Smaoitinn amannaí eile ghabhal a ghadaigheacht. Is beag an éadál an goid arsa Colm leis, ach sul ar fhág an sean-duine an teach bhí leabhar na tairngaracht goidé leis. Bhí sé i bhfad nuair a smaoitigh Colm ar an leabhar agus annsin thosuigh sé dhá chuartughadh.
An chéad teach a dteachaidh Colm isteach ann, teach Olbanaigh. Bhí an leabhar ann agus d'fhiafruigh sé do Cholm caidé a bhéadh sé ghiarraidh ar an leabhar go ceann seachtmhaine(continues on next page)