(Séamus Ó Breanain, as Sráth Chaisil a cheap, nuair a chuaidh sé go dtí an Oileán Úr fá thuairim dá fhiechead blian ó shoin. Fuair mé é ó Mháire Ní Thiomanaidhe (25 blian) Mín an tSamhaí).
i measg Sléibhte Thír Chonaill mar seód glas
Tá gleanntán fíór-áluinn in a luighe,
Is fíór-ghrádh mo chroidhe-se do'n bhaoll sin
Ní féidir a choidhche a chlaoidh
'Sé mo ghrádh-sa grádh láidir an deóraidhe
Do'n áit a bhfaca mé an chéad uair an lá,
'N áit a chaith mé le pléisiúr m'óige
Go subhailceach, neamh-buartha gach tráth.
A ghleanntáin ghlais ghrianmhar na nóinín,
A bhaile bhig áluinn na gcraobh,
A léanta tá breacaighthe le samharcáin,
'Sé a thigh bhig ar imeall an fhraoigh,
Os orraibh-se a mheabhruighim go minic
Cidh gur fada ar shiubhal uaibh atáim,
Ná ní laigheadann fad talaimh na fairrge
Fíór-ghrádh mo chroidhe na mo dháimh.
Is fíór 'as is fearamhail a mhuintear
A chómhuidheas go suairceash annseo,
(continues on next page)