School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 13
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 13
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Ní raibh mé acht sé bliadhna déag d'aois. Bhí mé ag áirneáil oidhche amháin agus bhí beirt ghasúr eile liom.”
Máighréad Nic Mheanamáin a fuair an sgéal seo ó na h-Athair - Michéal Mac Mheanmain. Tá cómhnaidhe ortha ar an Fhliuch Mhín, Máighréad ag teacht na sgoile, a h=athair fá thuairim 60 bl., feirmeoir atá ann. Tógadh ar an Ghlaise é, chaith sé seal in Albain ag obair. Ó na athair a fuair sé an sgéal seacht mbliahdna ó shin agus bhí an t-athair 80 bl. an uair sin.Ní raibh mé acht sé bliadhna déag d'aois. Bhí mé ag áirnéail oidhche amháin agus bhí beirt ghasúr eile liom. Mhothuigh mé iad ag rádh go raibh siad ag smaointeadh ar dhul chuig an Sráth Bhán an lá in a dhiaidh sin. Ní raibh a fhios agam cé'n chaoi a bhfuighinn liom mo chuid éadaigh i ngan fhios. Bhí mé le casadh ar an bheirt eile an oidhche roimh an aonach ag an mheadhon oidhche agus bhí sinn le siubhal go Bealach Féidh. D'imthigh mé fá thuairim míle ó'n teach ar an bhealach mhór. Bhuail eagla mé agus sheasuigh mé i lár an bhealaigh mhóir. Nuair bhí mé tamall annsin mhothuigh mé na Roassanigh ag teacht aniar Mín na Gualann. Nuair a bhí mé ag gabhail isteach bealach Mhín na Gualainn chuala mé an choischéim ag teacht chugam agus cé bhí ann acht Peadaí Beag Mac Guain ag Gleann na mBuachaill. Shiubhal an bheirt againn linn annsin go dteachaidh sinn isteach go Bealach Féidh. Bhí sinn istigh ar an sé a chlog ar maidin. Ní raibh aon duine in a shuidhe annsin acht teach amháin a bhí ar osgail agus teach ósda bhí ann.
Fuair an fear eile an chéad deoch agus fuair mé an dara ceann(continues on next page)- Collector
- Máighréad Nic Mheanmain
- Gender
- Female
- Address
- An Liuchmhín, Co. Donegal
- Informant
- Míchéal Mac Meanmain
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- c. 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Liuchmhín, Co. Donegal