Scoil: Lochmuice (uimhir rolla 16556)
- Suíomh:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Múinteoir: Áine M. Ní Fhuathaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1050, Leathanach 48
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lochmuice
- XML Leathanach 48
- XML “Cleasanna Oíche Shamhna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- I bhfad ó shoin ag Oidhche Shamhna ba ghnáthach leobhtha cruinniughadh a bheith acu. Ag gabhail ó sholus dó nuair a thigheadh na daoine isteach i ndiaidh a bheith ag baint préataí bhíodh buildeál uisge-bheatha acu agus d'óladh siad sin. Annsin bhíódh tae déanta agus d'óladh siad an tae.
Nuair a bhíodh an tae ólta acu, théigheadh siad amach a ghoid cáil. THigeadh siad fhad leis na doirse agus chaitheadh siad ar na doirse é. Thigeadh siad na bhaile ag am coladta agus bhíodh brúitín déanta ag an bhunadh sa bhaile dóibh.
Annsin thoiseóchadh siad ag déanamh cleasanna. Seo an cheann "Cabhail tú a Sheáin?" Chuireadh neirt acu dallóg ar a shúile. Annsin gheibheadh siad rópa sé dtroigh, gheibheadh siad greim ar gach cionn de'n rópa, annsin gheibheadh gach fear stoca a mbéadh an cionn aige lán d'fhéar, annsin chuirfeadh siad córda ar an stoca fá choinne an féar a chongbhailt astuigh ann.
Annsin thoiseóchadh an bheirt acu ag greadadh a chéile leis na stocaí. Nuair a bhuailfeadh fear acu an fear eile, deireadh sé, "Cabhail tú a Sheáin" "tá mé annseo sa dorchadas, deireadh an dara fear "beo nó marbh tú ghlac tusa sin" a deireadh an chead fhear.Cleas an Bhata
Chuirtí bata cruinn eadar dhá chathaoir. Shuitheadh fear ar an bhata chruinn mar bhéadh tailliúr ann. Annsin chaitheadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Ó Cuinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Loch Muc, Co. Donegal