Bhí tailliúr i dtóigh ag fuagháil agus é in a shuidhe ar an tábla nuair a chonnaic sé baltaí beaga bídeacha ag teacht isteach an doras agus ag dul suas ins an tseomra. Rinne sé amach go stróicfeadh sé ceann acu go bhfeicfeadh sé goidé bhí ann. Dhóirt sé an bainne uilig as. Annsin bhí sé i dteach ar an Ghrianán agus bhí sé ag táilliúracht annsin fósta agus dubhairt bunadh an toighe nach dtiocfadh leo im ar bith a dhéanamh, go raibh rud éiginteacht cearr leis an bhainne. Bhí a fhios ag an táilliúr goidé mar a bhí an sgéal. D'iarr sé ortha an bainne a bhualadh an lá thar na bhárach agus go gcuideichadh sé leo. Dubhairt siad nach raibh gar leobhtha é a bhualadh nach dtiocfadh im ar bith acht go ndéanfaidís é. Chuaidh siad a bhualadh ar maidin. Fuair an táilliúir cruth beach chapaill agus dhearg sé sa teinidh é agus chuir faoin'n chuinneóig é, agus d'iarr sé ortha bualadh annsin agus bualadh go maith. Thosuigh an sgreadaigh faoi'n chuinneóig ach lean siad ar an bhualadh ar a ndícheall. Bhí sé ag sgreadaigh léithe agus d'iarr sí ortha í a leigint ar shiubhal agus nach bpilleadh sí go bráthach arais ortha. D'aithin siad cé bhí ann ó'n chainnt agus leig siad ar shiubhal í agus sin mar fuair siad arais an t-im. I dteach Cathail Bhig Mac Déaid ar an Ghrianán a thárla sé acht níl a fhios ag duine ar bith cárbh as an gaduigh. Máighréad Ní Chuinna a d'innis damh é, Loch Muice, Baile na Finne.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »