School: Lochmuice (roll number 16556)

Location:
Loughmuck, Co. Donegal
Teacher:
Áine M. Ní Fhuathaigh

Filter stories

Back
/ 110 Forward
Resolution: Low | High
Scéal - An Bhean Fhalsa

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1050, Page 1

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Fuaireas an sgéal ó Maighréad Ní Chuinn, Loch Muice, Baile na Finne, í timcheall 60 bl. d'aois; tóigeadh i Loch Muice í, agus chaith sí a saoghal ar fad annseo; í ag coimhead an toighe dá dhearbhráthair atá pósta ann. Chuala sí an sgéal ó Pheadar Ó Cuinn, timcheall 50 bl. ó soin; bhí sé fá'n tráth sin. Bhí comhnuidhe air i mBaile na Finne acht chaith sé tamall fada ar an fhairrge in a mháirnealach. 23-7-34

Fear a bhí ann i bhfad ó shoin a rabh triúr ingean aige. Bhí an duine a b'óige an-dóigheamhail acht ní dhéanfadh sí dadaí bhí sí comh fallsa sin. D'éirigh a h-athair chomh tuirseach dithe gur chuir sé scéala amach go dtibhradh sé céad punt de chruach dithe. Tháinig fear annsin agus phós sé í agus thug sé leis í.
Bhí trí madadh leis agus ar a mbealach 'na bhaile, d'éirigh girrfhiadh agus leig sé ar shiubhal an chéad mhadadh in a dhiaidh. Sgairt sé arais air acht ní tháinig sé. Nuair a tháinig sé sgaoil sé leis agus mharbhuigh sé é. Chuaidh siad giota eile annsin agus d'éirigh coiní˜agus chuir sé an dara madadh ann, agus nuair nár tháinig sé arais nuair d'iarr sé air mharbhuigh sé é. Indiaidh giota eile a shiubhal leig sé amach an tríomhadh madadh indiaidh madadidh ruaidh agus mharbhuigh sé é fósta nuair nár tháinig sé arais.
D'fhiafruigh sí annsin de goidé an t-adhbhar a bhí aige leis na madraí uilig a mharbhughadh. Ní thearn siad an rud a d'iarr mé ortha," ar's sé. "Duine ar bith nach ndeanas mar a iarras mé air, sin é an rud a dhéanas mé leis, é a mharbhughadh." Chuaidh siad 'na bhaile annsin agus chuaidh siad a luighe, agus ní bhfuair sí suipéar ar bith. D'fhiafruigh sise de am eicínt roimh an lá, an raibh

(continues on next page)
Collector
Áine M. Ní Fhuathaigh
Gender
female
Informant
Maighréad Ní Chuinn
Gender
female
Age
circa 60
Address
Loughmuck, Co. Donegal
Language
Irish