School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 43
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí lanamhan ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin ann.”
(continued from previous page)a mháthair aicí nuair a fuair sí bás. Nuair a bhí an bhean ag fághail bháis, thug an ghirrseach isteach go bhfuigheadh sí iad an lá na dhiaidh sin. Nuair a bhí sí ar an chnoc an lá seo d'éirigh sé an-doracha agus tháinig smúid ar an ghréin. Bhí sé mar bhéadh sé ag déanamh toirneach. Tháinic an chaora dhubh amach as an néal mór dubh. Dubhairt sí leithe coimhead go maith nuair a bhéas tú ag nigheadh mo chos agus na leig ceann ar bith acu leis na madraidh. Chuaidh sí amach ag nigheadh na gcós ag sruth agus tháinig madadh thart agus d'imthigh sé le ceann de'n na cosa. Chuaidh sí na cnuic lá ar na bhárach agus shíl sí go gcaillfidh í leis an ocras nuair a bhí an chaora dhubh marbh. Ins an deire chonnaic sí neal mór ag éirghe amach as bun na spéire. Tháinig an chaora dhubh amach as ar thrí cosa. Thug sí a dinnéar dí. Nuair a tháinig an Domhnach bhí an cailí˜mór ag dhul ar an Aifreann acht níor leigfidhe í. Níor fágadh acht lán méaracáin tae agus lán méaracáin siucra aicí. Dubhradh leithe an dinnéar a b'fhearr a leagadh ariamh a bhéith réidh aicí nuair a thiocfadh na daoine eile ó'n Aifreann. Nuair a bhí gach duine imthighthe tháinig, ach caol dubh go dtí an doras. Chuir sé ceist ina h-aim an raibh sí istoigh. Dubhairt sí go raibh. Thóg sé leac a bhí taobh amuigh de'n doras agus thug sé(continues on next page)- Collector
- Máighréad Nic Meanman
- Gender
- Female
- Address
- An Liuchmhín, Co. Donegal