School: Lochmuice (roll number 16556)
- Location:
- Loch Muc, Co. Donegal
- Teacher: Áine M. Ní Fhuathaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Lochmuice
- XML Page 42
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title) (continued)
“Bhí lanamhan ann aon uair amháin agus bhí inghean amháin ann.”
(continued from previous page)cíoradh a cinn ag iarraidh í a chuir 'na codladh acht bhí sul ar chul a chinn an lá seo. Tháinig an chaora dhubh agus leag sí amach an tábla ceadhna. Tháinig siad na bhaile an oidhche sin arais agus cuireadh ceist uirrí an bhfaca sí rud ar bith. Dubhairt sí go bhfaca. D'innis sí do'n athair gach rud a chonnaic sí. D'innis sí do'n mhnaoi é annsin. Ní raibh fhios acu ce'n gleas bæais a chuirfeadh siad ar an chaoirigh dhubh. An lá ina dhiaidh sin nuair a d'imthigh na cailíní na chnuic. Rinne an t-athair agus an bhean amach nach raibh gleas ar bith níos fearr na a radh nuair a thiocfadh siad tráthnóna go raibh an bhean tinn agus nach mairfeadh sí i bhfad agus nach raibh rud ar bith le biseach a dhéanamh dí acht croidhe agus cruaidhe na caorach duibhe a bhí ar an chnoc.
Nuair a tháinig siad ón chnoc tráthnóna chuaidh an cailí˜beag dá cuartú. Tháinig sí aníos as seomra agus na deora le na súile. Dubhairt an bhean eile go gcaithfeadh sí í a fheiceáil sul a bhfuigheadh sí bás. Nuair a bhí sí tamall ag amharc uirrí, chuir sí ceist uirrí an raibh rud ar bith ins an domhan le biseach a dhéanamh dí. Dubhairt sí nach raibh acht croidhe agus cruaidhe na caorach duibhe a bhí ar an chnoc. Dubhairt an cailín nach dtiocfadh leithe sin a fhághail nó gur chuala sí gur sin an oidhreacht a d'fhág(continues on next page)- Collector
- Máighréad Nic Meanman
- Gender
- Female
- Address
- An Liuchmhín, Co. Donegal