School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
![The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 34](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0136%2FCBES_0136_34.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0136, Page 34
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Eachléim
- XML Page 34
- XML “An Gabhar nach Raibh Ceart”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ag teacht ghlaoidh sé isteach sa teach céadna ar ghlaoidh a dhearbhráthair roimhe. Bhí bord draoidheachta leis agus thárla gur goideadh an bord seo uaidh agus gur cuireadh bord eile in a áit. Chuaidh sé abhaile agus bhfacthas dó go mbeadh sé saidhbhir go deo ach an bord seo a bheith aige. Is beag a shíl mo dhuine bocht gurab é an bord mí-cheart seo a bhí leis. Thug sé seo cuireadh do mhuinntir an bhaile chomh maith le'n a dhearbhráthair roimhe. Ach is beag acu a thainic ach an méid a thainc fhéin is beag a bhí acu de bhárr a dturais ach an bóthar abhaile arís. Maith go leor. Bhí an tíomhadh mac ag teacht abhaile agus céard a bhí leis seo ach asal agus uair ar bith a sgarfadh sé éadach faoi'n asal bheadh rud ar bith aige a theastócadh uaidh. Thárla an rud céadna dhó seo is a thárla don bheirt eile agus chuaidh sé abhaile gan amháin cuimhniú ar an sórt asail a bhí leis.(continues on next page)
- Informant
- Antoine Ó Catháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Clochar, Co. Mayo