School: Eachléim (roll number 12373)
- Location:
- An Eachléim, Co. Mayo
- Teacher: Máire Ní Chróinín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Bhí beirt dhaoine uasal ann uair amháin - fear agus bean, agus bhí mac amháin acu. Bhí buachaillí oibre acu ag obair ar an bhfeilm. Aon lá amháin chuaidh an lánamhain amach ag siubhalóid, agus bhí go maith agus ní raibh tada go dona. Bhí siad ag imtheacht agus ag síor imtheacht, agus faoi deireadh thiar thall casadh sean-bhean dóibh, agus nuair a bhí sí in aice leo cuireadh iadsan in a seasamh ar an mbóthar gan corruigheadh. Nuair a thainic sise chomh fada leis an áit in a raibh siadsan in a seasamh d'fiafruigh siadsan di arbh í a bhí cionntach len a gcongbháil ar an mbóthar. Dubhairt sise gurab í agus go gcoinneóchadh sí an fhad eile ann iad mara dtiubhradh siad an mac di.
Bhí an sean-bhean cnopta, cnapta agus cheap siad nach mbeadh sí indon chongbháil siubhal leo ag dul abhaile dóibh agus mar gheall ar sin gheall siad di go dtiubhradh siad di é agus leig sí saor iad agus dimthigh siad abhaile. Ach chomh luath is a bhí siadsan abhaile bhí sise chomh luath leo. Sheas sí ag an doras taobh amuich agus dubhairt sí(continues on next page)- Informant
- Peadar Ó Maolfhabhaill
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- An Mullach Rua, Co. Mayo