Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Doirín an Chairn, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 360

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 360

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 360
  3. XML “An Chuigeann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear 'na chómhnuidhe i n-aice le Caisleán Béara uair amháin, Bhí cúpla ba aige agus ní raibh sé ag tabhairt aon bhiadh dhóibh acht fraoch na gcnoc agus mar gheall ar sin ní bhíodh bainne ná gamhain aige. Lá amháin bhí laogh ag ceann des na buaibh agus do chrúdh sé an bhó agus níor thug sé aon bainne don laogh mar cheap sé go beathóchadh an bhó féin é mar bhí sé 'na amadán. Cuir sé an bainne i dtáisc chun go ndéanfadh sé cuigean.
    Nuair a bhí a dhóithín uachtair aige chuir sé sa chuigean é agus bhí sé 'ghá bhualadh síos súas acht ní féidir leis é dhéanamh. Chuaidh sé amach i gcóir a chomharsan, thánadar isteach is do dheineadar é acht ní féidir le h-éinne é bhlaise mar b'é an céad bainne é. Chuaidh sé go dtí an margadh acht ní ceannóchadh éinne é, tháinig sé abhaile, thug sé an t-ím don laogh agus fuair an laogh bás, acht ní chuir sin aon imsuíom ar an bhfear mar bhí feóil a dhóithin aige an bliadhan san
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. im agus cuigne (~3,280)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    71
    Seoladh
    Tuairín na Gréine, Co. Chorcaí