School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá mórán liosanna sa paróiste seo, agus is iongantach an rudh iad le feiscint. Tá cuma cruinn ar an tigh féin agus tá an t-úrlár ana íseal. Tá an falla cré atá tímceall ar, ana árd, agus tá cúpla crann ag fás ann. Tá an cuid is mó de na liosanna san déanta súas ar áit ana ard agus má seasuigeann tú ináirde ar ceann aca is mó ceann a d'fhéadfá d'feiscint. Deir daoine gurabh iadh na fir Bolg a dein iadh fadó núair a tángadar go h-Eirinn, agus deir daoine éile gurabh iadh na Tuatha De Danainn a dhein iadh cun a gcuid óir do cur i bhfolach ón dream eile a bhí sa tír agus núair a fúaireadar bás chómhnuigh na sídheoga ann agus thugadar aire do. Cítear solas ann úaireannta agus cloistear ceol agus deirtear gur pártaí a bhíonn ag na sídeóga dóibh féin. Tá lios i gCurrach agus tá poll fada caol dorca ag dul síos tríd an úrlár agus ní foláir duit coinneal a beith ar lasadh agat ag dul isteach ann mar tá an áit dorca istigh. Núair a ragfá isteach tríd an poill tá cúpla seómra istig agus ceapfá núair a fheicfá suas ós do cionn gur an sionáíl a bhí suas, ach má beadh tú súas arís cifeá gurabh é an talamh.
- Collector
- Treasa De Blach
- Gender
- Female