School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bí Dómhnall Ó Súilleabháin 'na chomhnaidhe i nDerighin agus tugtar Dómhnall Cam mar leas ainm air. Núair a bhí sé ag eirighe suas iseadh a bí na tigearna talmhan ag tógaint an triomhadh cuidh do gach rudh os na ndaoine. Lá amháin nuair a bhí se in áit éigin in aice a thige féin núair a connaich se scatha buaibh ag teacht agus triuir fear á tiomaint. Cuaidh se cun íad do stop. Bí a claideamh aige dubairt duine des na fearaibh leis an slighe d'fhagaint agus leigint dos na buaibh dubairt se ná fágfadh se. Dubairt an fear leis é dhéanamh an tarna uair ach thug Domhnall an freagair céadna do. Tháinig se in goire do ach má tháinig thug Domhnall buille dó agus do leag se é a tháinig an tarna ceann cuige ach do dein se an rudh ceadna leis dó rith an triomhadh ceann agus d'fhag se na buaibh ag Dómhnall. annsan thug Dómhnall na ba do's na daoine gur leis iad Núair a cualaidh na sasanaig gur raibh se ag tógaint na buaibh ós na tigearnaí dubairt siadh go dtabarfadh siad trí cead punt do aon duine a marbocadh é agus a ceann a tabhairt doibh féin. Bhí Dómhnall ag rith annsan le na beatadh ar eagla go mbainfeadh namadh éigin a ceann do bhí buacaill aimsire leis agus bí dhá capaill aca. Lá amháin dubairt se leis(continues on next page)
- Collector
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female