School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 320
- XML “Tráigh na Maoile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Fadó bí fear bocht in a comhnaidhe i Dromleabh. Oidhche amháin bí taidhreamh aighe agus sé an taidhreamh a bhí aige ná go raibh bó isthig i Traig na Maoile dó núair éirig sé. Lá ar na baireach ní dubhairt sé aon rudh an oidhche sin bí an taidreamh ceadna aighe núair éirig se lá ar na baireach d'innis se an taidreamh dá mnaoí agus dubairt sí leis dá mbeadh an taidhreamh aige an oidhce sin go gcaithfeadh se dul síos lá ar na báireach. Núair a cúaidh sé a codlad an oidhce sin bhí an taidhreamh ceadna aighe núair d'éirigh se ar maidin cúaidh se síos go Traíg na Maoile agus cadh a bhí ann ach bó maol roimis agus laogh le na thaobh. Tugh se abhaile í agus bhí áthas mór ar a bhean núair a connaich sí an bhó agus a laog. An bliadhain sin bhí laogh éile ag an mbó agus gach bliadain as san amach bhíodh laogh ag an mbó. Lá amháin núair a bí sé cun í do cruadh do léim sí búail sé í leis an buarach annsan do screadaig sí trí uaire agus do rith sí síos go dtí an fairrge agus do lean na laog go leir í cuaidh gach ceann acu isteach san fairrge agus do bathadh iadh agus tugtear Traig na Maoile.[-]
ó na h-áintín
seactmhó trí blíadhanna daois- Collector
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Gender
- Female