School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)

Location:
Trafrask, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 303

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0280, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tráigh Phraisce (C.)
  2. XML Page 303
  3. XML “Tobar an Bheannacha”
  4. XML “Tobar an Bheannacha”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    cun paidreaca do rádh agus úrnaighthe eile do chómhlíonadh nó cun leighis éigin d'fhághail. Deirtear leis gur mhaith an rud deoc d'ól as an dtobar naomhtha san, agus deirtear gur ól Mocuda Naomhtha féin cuid den uisge leis. Tá ainm eile ar Mocuda Naomhtha mar atá Naomh Cárthac. Cúpla blíadhan ó shoin nuair a deisigheadh ar sgoil tugadh sgoil Mocuda Naomhtha mar ainm air. Tá an tobar naomtha tuairm ceithre míle ón sgoil. Tobar beag iseadh é, tá dhá carraigreaca móra ag deanamh stuadh ós a cionn. Tá sé tuairm is leath míle ó Carraig an Aifreann, an áit in a leigidís an aifreann in aimsear na péindlighthe.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Tá tobar beannuighthe tuas i gcnoc Cruacha. Fuair gabha é. Bhí taidhreamh aige aon oidhche amháin mar geall ar an dtobar. Do cuaidh sé suas an lá in dhíaidh san agus fuair sé é. Cuaidh sé tímcheall an tobair cúpla uaire ag rádh paidreaca agus deirtear go raibh sé dhall agus go bfuair sé radharc a shúilibh. Cuir sé cros iarran
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Eibhlín Ní Reagan
    Gender
    Female