Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó deineadh na daoine a gcuid coinneall féin mar ní rabhadar ábalta ar iad do cheannach agus má bhíodar féin ní ceannochad siad iad an fhaid a bhíodar féin ábalta are iad a deanamh. Seo mar a dheinidis iadh. Nuair a mharbhuigidís aon ainmhide do coimeadaidís an geir a bhíodh istigh ionnta annsan cuiridís an geir isteach i slige agus cuiridís an slige ar an dteine. Núair a beadh an geir leágtha do thógaidís aníos ón dteine é. Annsan gheibidís cruiscín go mbeadh beal caol air agus cuireadh síad an geir leágtha isteach i monla cuiridís snát síos trid an geir agus fágaidís annsan é go dtí go mbeadh sé cruaidh. Annsan tógaidís amach as an monla é. Fadó dheinidís na ciseáin i slíghe éigin nach raibh cosamhail leis an slíghe 'na deintear anois. Are dtuis gearraidís na slata agus cuiridís san clabhar iad ós cionn na teine cun iadh do dhéanamh rigin. Cuiridís seastán 'na seasamh i lár an urláir agus figidís na slata timceall air agus cuiridís gach ré slat na seasamh in aice an seastáin cun fuinneóga an ciseáin do déanamh. Núair a bíodh ceithre thaobh an ciseáin figte aca ann cuiridís slataí na shéasamh in aice an seastáin(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Áine C. Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann