Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trá Phraisce, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 247
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí beirt driothár ann fadó clann feirmeóra ab ead iadh gurb ainm dóibh Michéal agus Seán agus bhí ana cion acu ar a chéile, ach bhí an fear dob óige, Sean, ag cailliúint a sláinte i gan a fhios aca cad a bhí air. Bhí sé ag cur buadharta ar a atháir is ar a máthair.
Fé deire fuaireadar amach uaidh an fáth go raibh se cómh breoidhte sin. Dubhairt Seán leó ní'l oidce dá dteigim amach cun féar do bhaint as an gcruaich cun é thabhart dos na buaibh na tagann rud éigin mar a bheadh much mór agus gan aige ach dhá cóis agus arduigeann leis ar a dhrom mé tré coillte 's gleannta o's cinn sléibthe is uisge sul a dtugann se ar ais mé ins an áit ceadhna "A Sheain boict" arsa a athair cad cuige nár innis é sin dom-sa ceana? "Ar leabrais leis riamh nó ar labhair seisean leat-sa?". "Níor labhras" arsa Seán. Ní leigeann an scannradh dom ceist do cur air. Anois arsa Mhichéal caithfidh tusa fanamhaint istig. Racaidh mise idh áit. Cuaidh Michéal go dtí gabha agus dubhairt se de'n gabha dhá bhior géara do deanamh dó agus ceangail se ar dhá sáil a bhróg iadh. Ar teact na h-oidhche cuaidh sé amach go dtí an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Márta De Bhlach
- Inscne
- Baineann