Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mo duine a thuill cáil dó féin i dtaobh rud éigin a dheineadar mar léim maith thógaint nó cloch do caitheamh cúpla míle slighe ón áit a bheadh síad in-a seasamh.
Do bhí fear ann fadó darbh ainm dó Eoghain O Súilleabháin, fear ana cródha ana maisneamhail do beadh é, bhí sé go maith cun léim agus cun cloch do caitheamh Lá amháin bhí sé ag gabháil treasna áite go raibh triúr nó ceatharar fear agus clocha acu a' diarraidh cuicha acu a cuirfidh a cloch an fhaid is mó uatha. Ní féidir le na fearaibh eile an cloch do cur ach cúpla péirse ón áit. Daimsigh Eoghain cloch in a láimh do caith sé é agus cuir sé é dhá mhíle agus ceithre péirse é ón áit is mó duine a bhí ag cainnt i dtaobh an gnímh sin
Do bhí fear eile ann agus cuaidh sé go Corcaig i gcóir rudaí. D'Fág sé a thig féin ar maidin agus do srois sé cathair(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúileabháin
- Inscne
- Baineann