Scoil: Tráigh Phraisce (C.) (uimhir rolla 5566)
- Suíomh:
- Trafrask, Co. Cork
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Leathanach 270
- XML “Cruatan a Rug ar na Daoine san Áit seo Fadó”
- XML “Ros Cátha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)aige iascaireacht agus núair d'iompaig an bád rug na daoine eile ar píosa adhmaid ach do bris an píosa adhmaidh agus cuaidh beirt aca síos. Níor tháinig ac beirt aca saor. Cúir muinntear na h-áite báid amach ach níor thugadar ach beirt aca saor.
Tamall in dhiaidh sin do fuaradh an beirt eile ar barra na trágha agus tá siad curtha in áit in aice na trágha. Bhí bád eile ag teacht on gearmáin le cotúin bhí an oidce ana dorcha agus ní fheadhadh sí a slige de deanamh amach. Bhí fíos ag na daoine go raibh sí ag teacht agus do lasadar teine ar imeall an trágha ceap na daoine a bhí ins an mbád gur an tig soluis é. Chuadar fé dhéin an teine. Do buaileadar cloch mór agus do bhris an bád in dá píosa. Do badhad na daoine agus fúair na daoine an cotúin go léir. - Do bhí bean in a comhnuidhe i Dromleabh fadó. Do bhí sí saidhbhir uair amháín ach annsan bhí sí go bocht. Do bhí sí go maith dos na bochtaibh an fhaid a bhí sí saidhbir agus ní h-aon iongnadh go mbeadh na daoine go maith dí núair a bhí sí go bocht. Do bhí sí lá agus ní raibh aon nidh aice(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Shúilleabháin
- Inscne
- Baineann