School: Tráigh Phraisce (C.) (roll number 5566)
- Location:
- Trafrask, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Chonghaile
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tráigh Phraisce (C.)
- XML Page 226
- XML “Cistí Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá alán iarsmaí ón tseana ré ins an paróiste seo, agus cuid aca iseadh rudaí a fuair daoíne as an talmh.
Do bhí fear in a comnuídhe i Droumleabh fadó. Feirmeóir do beadh é agus lá amháin cuaidh sé amac ag treabadh. Nuair d’iompuig sé an céad fód do bhuail an ceact le run éigin a bhí cosmhail le píosa stáin agus nuair d’fheac sé síos cad a connaic sé ac sobhern. D’iompuig sé fód eile agus fuair sé sobhern eile agus dhein sé an rud ceadhna arís agus arís agus fuair sé sobhern fé gac fód go dtí go raibh níos mó ná cead sobhern aige.
Do bhí fear eile in a chomnuídhe i Cappaleigh fadó. Lá amháin cuaidh sé amac ag briseadh cloca i bpáirc éigin. Thóg sé suas cloc mór as an talmh agus d’fhág an cloc san poll ana mhór in a dhíadh. Connaic an fear rud éigin dearg ór ag spreacarnaig thíos ar bun an poíll. Cuir sé síos a láimh agus cad a bhí ann act bosca mór déanta de íarrain. Thóg sé suas é agus connaic sé go raibh alán ornáidí deanta ar an dtaobh amuich de agus ceithre cosa fé. D’osgail sé é agus do leath a shuilibh le(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Choncubhair
- Gender
- Female
- Informant
- Seán O Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 60