Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)
- Suíomh:
- Derreenacarrin, Co. Cork
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Doire an Chairn
- XML Leathanach 469
- XML “Neamhshaolta”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé ar an mbóthar arís agus do chuaidh sé go dtí an áit 'na raibh an rán. Tháinig an fear anuas agus do thóg sé an rán is do bhí fhios aige annsan go raibh sé neamh shaoghalta. Bhí fear eile ann agus bhí sé ag teacht ó scoruidheacht ana dhéanach san oidhche agus chonoic sé dhá chapail neamh shaoghalta i n-aice le loch dhá pholl agus bhí bata 'na láimh aige agus do bhuail sé na capaill leis an bata agus do léimeadar isteach sa loch. An nómat san do chaill an fear a chaint agus nuair a chuaidh sé abhaile ní féidir leis é insint dá bhean cad d'imthig air. Chuireadar fios ar an sagart agus nuair a tháinig an sagart ní féidir leis caint acht cómh beag. Do ghlac sé Ola Déanach agus tháinig a chaint chuige agus d'inis sé an scéal do'n sagart leis nár ceart dó na capaill sin a bhualadh mar bhíodar san na daoine ó Purgadóireacht ag déanamh píonós dá bpeacaí agus do sheóinseáladar iad féin i bhfuirm capaill.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Siobhán Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Tooreennagrena, Co. Cork
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 67
- Seoladh
- Tooreennagrena, Co. Cork