Scoil: Doire an Chairn (uimhir rolla 12976)

Suíomh:
Derreenacarrin, Co. Cork
Múinteoir:
Nóra, Bean Uí Shéaghdha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 450

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0279, Leathanach 450

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Doire an Chairn
  2. XML Leathanach 450
  3. XML “Arán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is é an t-arán a bhíodh fadó ag daoine na arán mine buidhe. Griodall a bhíodh acu chun é bhácáil. Bhíodh sé ana dheacair an císte seo iompáil mar d'imthigheóchadh sé 'na brúscar agus dá bhrí sin caithtí ceithre coda a dheanamh de sa ghriodall. Deintí cístí mine choirce leis as a gcuid gráinne féin mar bhíodh ana chuid coirce ag daoine an uair sin. Sar a mheilidís an cruithneacht caithidís an gráinne a chruadhtaint ar dtúis le h-ais na teine. Níl aon bró á úsaid ar fuaid na h-áite seo anois. Nuair a thainig an plúr is minic a deintí bochaire (sé sin císte tanaidhe gan aon chlúdach) nuair ná bhíodh am acu císte mór a dheanamh. Cuirtí leath nó trian mine ins gach aon císte plúr nuair a tháinig an plúr agus cuirtar anois leis i dtig go mbhíonn líon tíghe mór ann. Tá na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. products
      1. food products (~3,601)
        1. bread (~2,063)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Síghle Ní Cruadhlaoich
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Leahill, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Mícheál Ua Cruadhlaoich
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    46
    Seoladh
    Leahill, Co. Cork