School: Leamhchoill (roll number 10742)

Location:
Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Seán Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 217

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leamhchoill
  2. XML Page 217
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cístí Óir i bhFolach
    Seán Buidhe
    Bhí fear taobh thiar do’n Spidéal. Tugadh Seán Buidhe mar leas-ainm air. Rinne sé brionglóid trí oidhche i ndiaidh a chéile go raibh pota óir faoi chrann i gConndae an Chláir. D’imthigh sé go Co. an Chláir an lá i n-a dhiaidh sin. Nuair a bhí sé thall i gCo. An Chláir chonnaic sé chuile nidh mar a bhí sa mbrionglóid aige. Cé chasadh leis acht an fear ba leis an gháirdín. Chuir sé cainnt air agus d’iarr sé dhó céar’bh as é. “Is stráinséar annso thú”. “Seadh go deimhin”, arsa fear an Spidéal, “brionglóid a bhí agam a thug an bealach seo mé, ar phota óir a bhí I leitheid seo do gháirdín”. Gabh abhaile agus bíodh ciall agat”, arsan fear leis, “ná chreid an bhrionglóid. Tá mé ag brionglóid le trí blian go bhfuil pota óir i ngáirdín Sheáin Bhuidhe faoi chrann i n-aice le claidhe”. Chuaidh sé abhaile agus nuair a tháinic an oidhche chuaidh sé fhéin agus a mhac amach agus thug sé laídhe leis agus thosaigheadar ag baint agus bhaineadar an pota.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Folktales index
    AT1645: The Treasure at Home
    Language
    Irish
    Collector
    Pádhraig Buiréad
    Gender
    Male
    Address
    Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
    Informant
    Máire Ní Chealaigh
    Gender
    Female
    Address
    Leamhchoill, Co. na Gaillimhe