School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 241
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 241
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Na Fataí
Is iomdha cineál fataí ann agus ní hé an blas céadhna atá ar cineál ar bith acú. Tá ainm ar chuile ceann acú mar “h-Epicúres”, “Pinks”, “Banners”, “Champions”. Fata an-bhog ‘seadh an “h-Epicúre” agus is é an fata is luath a cuirtear agus freisin an fata is luath a baintear.
Fata tirm agus blas milis le n-ithe air is seadh an “Pink” má tá an talamh feileamhnach. Fata buidhe ar nós an “Champion” an fata is tirme ar fad acú agus an fata is milse le n-ithe freisin.
Fásann “h-Epicúres”, “Pinks”, “Banners”, agus “Championns” i Leamhcoill. Sé an áit is feárr le “h-Epicúres” a chur ná i dtalamh móna nó talamh láidir nach mbeadh curtha le fada cheana. Sé an talamh is fearr le h-aghaidh “Pinks” ná talamh bán nó cúnnlach.
I dtalamh bán castar fóidín i dtosach, timcheall sé orlaigh ar leithead nó mar sin. Idir gach iomaire bíonn píosa de’n(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Bháinn
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Báinn
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway