An duine a bhíonn ghá dhéanamh fághann sé slat agus buaileann sé ar na cosaibh agus deireann sé:- “Lúrabog, lárabóg, bí ó néill. Néill a a priopán – priopán – súlach. Súlach – seicne – seicne – méile. Dá chois liomán – liomán lataí Cabhair na Gaillimhe – Craipe iseach an íodóg bhuidhe. Fágann siad na dornaí ós cionn a chéile agus deireann duine amháín:- “Cá bhfuil an bainne a bhí sa gcuinneoig seo? Sa gcuinneoig eile. Cá bhfuil an bainne a bhí sa gcuinneoig seo? D’ól an cat é. Cá bhfuil an cat? Faoi an stól. Cá bhfuil an stól? Dhóigh an teine é. Chá bhfuil an teine? Mhúch an abhainn. Cá bhfuil an t-uisge? D’ól an giorán bán is an capall dubh é. Cá bhfuil an capall bán i’s an capall dubh? Imthigh ag na rásaí. Cá bhfuil na rásaí? Idir cnoc i’s gleann”. An chéad duine a labhras i dtosach gheobhfaidh sé fiche dornaí beag, fiche dornaí mór, fiche pinse beag agus fiche pinse mór. Trí chois san aer agus dhá chois sa talamh, méar sa duine beo agus béal an duine marbh – An bás. Cé mhéid dealg a bheadh i n-acra aitinn? Ceann
(continues on next page)
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »