School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 223
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 223
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Sgéalta Grinn.
Bhí baintreach ann fadó agus bhí mac aice. Níor éirigh an mac as an gcliabhán go raibh sé blian i’s fiche, agus annsin shearradh sé é féin. Chuir sé a dhá chois amach ar cholbha an bhóthair agus bhí fear ag dul thart a raibh capall agus cárr aige agus tharraing sé ceann de na rothaí ar a chosaibh. “Tá mo chois gortuighthe agat, a shean-cháirrín”, ar seisean, ag breith air agus ghá chaitheamh thar an teach. Annsin chuaidh sé isteach agus dubhairt sé le ‘n-a mháthair, “tá tú fada go leor de mo thógáil anois, tá sé i n-am agam fhéin mo bheatha a shaoiriú feasta”. Chuaidh sé amach annsin agus thug sé isteach caora ar a ghúilne agus d’itheadar í. Annsin chuaidh sé ag an gcéarda agus dubhairt sé leis an ngabha maide láimhe a dhéanamh dhó. Acht ní raibh an maide sin sághach láidir. “Déan ceann eile”, ar seisean. Rinne! “Ní’l sé seo sághach láidir ná sághach trom agus ní dhéanfaidh sé”. Rinne sé an tríomhadh maide dhó. Rug sé air agus(continues on next page)- Collector
- Máire Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Seamus Breathnach
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway