School: Leamhchoill (roll number 10742)
- Location:
- Leamhchoill, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Domhnalláin

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0064, Page 220
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leamhchoill
- XML Page 220
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Nuair a bhí na Normánaigh sa tír seo fadó bhí go leor airgead acú acht ní raibh fhios ag duine at bith go cé’n áit a raibh sé acu.
Bhí triúir acú ag siubhal lá nó go dtániceadar chómh fada le Cill-a-Ráine atá timcheall agus míle taobh thiar de Mhágchuilinn. Bhíodar ag siubhal thart timcheall na coille ar feadh i bhfad agus faoi dheireadh tháiniceadar go garrdha ar a dtugadh Gardha Chúil a’Choill air. Bhí poll mór annso ar aon taobh le claidhe. “ó muise nach deas feileamhnach an áit é seo cun an t-airgead a chur”, arsa duine acú. “Nach tráthamhail a chas sé linn”, arsa duine eile. “Seo síos leis gan a thuile cainnte”, arsan tríomhadh duine. Rinneadar bosca beag do ádhmaid agus chuireadar an t-airgead síos ann agus leagadar an bosca sa bpoll. Ór a bhí sa gcuid is mó de’n airgead seo. D’imthigh na Normánaigh abhaile agus fuaireadar bás. D’imthigh na céadta blian agus níor bhach aoinne leis an gcloich.
Bhí fear i n-a chómhnuidhe in-aice na h-áite i n-a raibh an t-ór. Ní raibh sa teach acht(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Bháinn
- Gender
- Female
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway
- Informant
- Máirtín Báinn
- Gender
- Male
- Address
- Leamhchoill, Co. Galway