Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Na Prátaí

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 252

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Cuireann chuile duine fataí ar a bhfeilm gach bliadhain. Is iad na fir a chuireanns iad i gcomhnuidhe. Cuirteat sean-leasughadh feamna ar an talamh idir Samhain agus Fé'l baighde sul a chuirtear iad. Annsin nuair a bhíonntar dhá gcur is minic gur feamain dubh a chuirtear mar áit leasughadh ar na tailtíbh bána; acht is minic go gcuirtear aoileach ar thalamh luirg a bhéas ráithte le síoltaibh cheana. Cuirtear múirín air freisin. IS é an rud muirín ná feamain a bhéad lobhtha i-n-a bainc. Is é an chroi a scartar na ríolta ó's cionn na feamna ar na taltaibh bána ar dtús agus annsin déantar iomairí atá slat ar léithead agus clais eadthorta atá tuairim's troig ar léithead. Déantar na taltaí luing a shocrughadh ar dtús agus annsin caithtear isteach an fód ó's cionn na feamna. Is le spáid a déantar na h-iompairí i n Árainn. Is é an chaoi a gceannuighthear na sráideanna ins na siopaibh gach bliadhain. Is é an chaoi a ghearrtar na fataí, an píosa de'n fata a mbíonn súil air a bhaint de le scéin agus an toin a bhéas ar an bhfata a fhágaint, agus tugtar laogháin ortha sin. An píosa de'n fata a mbíonn an tsúil air agus fágtar é trí nó ceathrair de laethantaibh i gcliabh nó go seargann sé agus annsin é a

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Mícheál Ó hIarnáin
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Tomás Uá Conghaile
Inscne
fireann
Seoladh
Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge