Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Toibreacha Beannaithe

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 240

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Tá tobar i gCilléinde ar a dtugtar Dabhach Éinde. Bhí uisce ann uair amháin, acht do thriomuigh sé mar bhí minnisteár ag dul thart ann, agus do nigh sé a chosa ann, agus níl aon uisce ann ó shoin. Tá tobar eile i gCilléinde ar a dtugtar Tobar Chuilm Chille. Téigheann na daoine go dtí an tobar ar an 9 ad lá de Mheitheamh Nuair a théigheann siad go stí é baineann siad díobh a gcuid bróga, agus tá altóir cloch déanta ann, agus tigheann siad ar a nglúiníbh ó's comhair na h-altóra. Tógann siad seacht glocha agus téigheann siad timcheall ag rádh an Phaidirín Pháirtigh. Nuair a thiocfas siad go dtí an altóir caitheann siad an chéad cloch isteach , agus leanann siad mar sin go mbeidh na seacht gclocha caithte isteach. Annsin téigheann siad ar a nglúiníbh agus tá an tura déanta acu. Tá tobar i Mainistir ar a dtugtar Tobar Chiaráin. Tá Mainistir ann freisin ar a dtugtar Mainistir Chiarain. Tugtar an turas go dtí Mainistir Chiaráin ar an 29 ad lá de Meodhon Fhógmhar. Téightear timcheall an tobair agus deirtear paidreacha ar an bpaidirín. Tá tobar i gCabruabhach ar a dtugtar Tobar Cheathrar Áluinn. Téigheann daoine annsin go minic, agus níl aon am áithrídhe le h-aghaidh turais do'n tobair sin. Dhá gcuirfeá turas

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Flaithbhearta
Inscne
baineann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Pádraig Ó Flaithbheaerta
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge