Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an t-sean-aimsir bhíodh mná agus fir ag déanamh líon le snách a dhéanaidís leis an túrirne lín agus ag déanamh.
Do sníomhaidís an snáth leis. Bhí beirt fear darbh'ainm Micheál Dé Bhailís agus Pádraig as Cillmhuirbhigh indon do pughanna a dhéanamh, agus bhí Mícheál De Bhailís indon hataí tuighe a dhéanamh le traolsán. Déanta de thuigh a bhíodh an traolsán agus é an-fhada agus d'fhuaghaidís an snáth timcheall air le-n-a cheangal go ndéanaidís hata de. Tá sé céad bliadhan ó déanadh aon obair gcairt agus ní rinneadh aon obair leis an traolsan le céad go leith bliadhan. Bítí ag déanamh coinneal agus ba é an chaoi a ndéanaidís é le múnla. Ar iarann a bhíodh an múnla déanta agus cuma coinnle air, agus dhóirthidís geip leaghta isteach ann agus chuiridís buaicís cadáis i lár na coinnle. Ba é an gallúnach a bhíodh "Starch" a dhéanaidís ar fataí milte. Gheibhidís píosa stáin agus churidís poll ann le tairgne go scpíobaidís na fataí agus bhainidís an "Starch" asta. Chuiridís an "Starch" i roitheach agus d'fhágaidís an t-íochtar go mbíodh sé i-n-a ghallínach. Tá sé leith-chéad bliadhan ó bhí sí shé dhéanamh. Bhí fear darbh' ainm Colm Chon Ríagh as Fearann-an-Cporce indon gaibhneach, tairgní, crochanna, lúbanna, trumpaí agus geataí iarainn a dhéanamh. Tá sé dhé scór bliadhan ó bhí sé ann. Bhí Seósamh Gillín as Fearann-an-Coirce go maith ag fígheadóireacht timcheall deich mbliadhna fíchead ó shoin. Déanadh Mícheál ó Gaora bairrilí, ancaird, buird, dreisuir agus fuinneóga(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó hIarnáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Uá Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cill Mhuirbhigh, Co. na Gaillimhe