Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)

Suíomh:
Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Maoldhomnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 122

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 122

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Fearainn an Choirce
  2. XML Leathanach 122
  3. XML “Ciste Óir”
  4. XML “Ciste Óir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Deirtear go bhfuil ciste Óir i bhfolach i gCorruabach. Acht tá baramhail ag daoiníbh an áit a bhfuil sé. Chuir fear darbh' ainm Seán Corruabhach ann é. Fágadh i bhfolach annsin é; mar dúbhairt cáilín ruid éigean in a aghaidh, nuair a bhí sé ag dul dhá fhágáil ag duine éigin. Ní dhearnadh aon iarracht ariamh é a fhágáíl. Is é an saidhbhreas atá i bhfolach ann. Ór agus copar. Is fuí na céadta púnt an stór. Tá sé suas le dhá chéad bliadhan ó bhí an fear sin ann, agus ní raibh a fhios ag mórán daoine cá raibh sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Conas tras-scríobh a dhéanamh »
    Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
          1. ór i bhfolach (~7,411)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Fhlaithbhearta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Bairbre Ní Mhaoláin
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eochaill, Co. na Gaillimhe