Scoil: Maighros

Suíomh:
Maíros, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus de Brún

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Scéaltaí Grinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0010, Leathanach 012

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige. Lá amháin dubhairt sé leis an mac go mbeadh air dul go conndae Mhuigheo le muc. Dubhairt sé go raibh duine uasal ag cainnte leis fhéin an lá cheana agus go raibh sé ag iarraidh muc le ceannacht.
Liam a bhí mar ainm ar an duine uasal agus dubhairt an t- athair leis an mac ' Sir" a thabhairt air nuair a bheadh sé ag cainnt leis.
D'imthigh an buachaill leis nó go dtáinig sé chomh fado le conndae Mhuigheo . Nuair a shroich sé teach an duine uasail tháinig an duine uasal amach roimhe agus d'fhiafruigh sé dhe cá raibh sé ag dul . D'freagair an buachaill mar seo:-'Cuir sir m-athair , sir mise , le sir muice , ag sir Liam".

Bailitheoir
Maitias Mac Donnchadha
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Seán Mac Donnchadha
Inscne
fireann
Seoladh
Leitreach Ard, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge