Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'innis Máire an sghéal di. "Muise, bhí mé ag dul aniar bothar na Caltracha ar ball", adeir an bhean a tháinig isteach. "Chuala mé fuamán taobh istigh de'n chlaidhe. Dhearc mé isteach thar an chaidhe agus seól aige agus é ag sniómhadh flainín thíos i gclais ag bun Chnuic - mágha. Bhí sé ag crónán amhrán dó féin a bhí ghá rádh aige na, "Ní bheidh fhios ag bean an adhbhrais gur Eamonn Houster atá orm-sa", "Ó", arsa Máire, "tá mo giota flainín le fághail agam". Ní raibh an bhean eile acht imthighthe amach nuair a tháinig an fígheadóir isteach agus an giota flainín aige, "Cén t-ainm atá orm", ar seisean. "Éamon Houster", arsa Máire. Chaith sé annsin ar an urlár an giota flainín agus amach leis agus dubhaire sé, "mo bheannacht dhuit agus mo mhallacht do bhéal do mhúinte".
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe