Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0029

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0029

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0029
  3. XML “Finbharra agus Capall na dTrí gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1. Pádhraig Ó Gráinne. 2. bunantobair, Corrandulla, Gaillimh. 3. 5 o b'iadhain. 4. feilméar. 5 bunantobair.
    finbharra agus capall na dtrí gcos. Deirtear go dtáinig finbharra go dtí duine tinn fadó agus leig sé air féin gur dochtúir a bhí ann. Nuair a tháinig sé go dtí an teach rinne na daoine a bhí 'sa teach' tae dhó bhruith siad ubh dhó agus d'fhag siad pacáuste salainn in-aice leis nuair a bhain sé an mullach se'n uibh fuair sé spúnóg agus chuir sé salann ann acht chomh luath is bhí sé ann aige do shéid sé dhe arís é lé'n - a anál.
    D'fhéach an fear ar an duine tinn annsin is dubhairt sé go dtiocfadh biseach air i gceann cúpla lá Chuaidh sé amach san t-sráid arís agus ghladh sé ar dhuine a bhí sa teach is dubhairt sé leis é a chur ag marcuigheacht ar an gcapall. Nuair a d'fheach an duine ar gcapall ní raibh air acht trí cosa. Nuair a bhí sé thuas ar an gcapall d'imthigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Gráine
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe