Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0156
- XML “An Gabha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Gabha.
Tá aon cheárdcha 'sa bpairáiste seo. Tadhg Ó Tnuthail an t-ainm atá air an fear atá ag obair ann. Bhí a mhuinntir roimhe in-a gaibhne. Tuighe atá ar an gceárdchain agus tá aon teallach ann. Seo iad na h-uirlisí atá ag an ngabhainn pinsiúr, casúr, ord, táirgní, iarann, uisge, agus go leór rudaí eile. Cuireann sé cruidhthe ar na capaill, déanann sé céachtaí, cliathanna, geataí tlúghannaí agus cuireann sé buinn ar rotha na cartacha. Bhíonn sé ag obair nuair nach rachadh capall drochmhúinte isteach 'san gceárdchain.
Seo píosa amhráin gabann.
Láimhín beag íarrann an t-sáspan,
"D'eirigh mé féin maidin go moch,
Chúaidh mé go ceárdcha Aontoine Dhuibh,
Adhbhar mo láidhe atá agam annseo,
Agus ar iarraidh déanta atá mé."
Labhair an gabha liom go céillidhe ciúin.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Comhdhain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Luimneach Thiar, Co. na Gaillimhe