Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0075

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0075

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0075
  3. XML “Games - Pig”
  4. XML “Fear Maith ag Caitheamh Clocha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fear maith ag caitheamh clocha.
    Fadó bhí fear in-Anach-Cuain agus bhí sé go h-an-mhaith ag caitheamh clocha le eanacha. An t-am sin bhí daoine na h-Eireann fá chois ag na Sasanaigh. Rinne seisear fear rud as bealach in-Gaillimh agus bhí siad le bheith crochta. Bhí seanmhóir ag an sagart an Dómhnach roimhe an lá a bhí siad le bheith crochta is dubhairt sé le chuile dhuine bata a tabhairt leis agus gan leigint do na Sasanaigh an seisear seo a mharbhughadh. Chuaidh an fear as Anach-Cuain go Gaillimh agus nuair a bhí sé ag dul suas chonnaic sé cloch beag cruinn istigh i bpáirc. Chuir sé ina phóca é agus nuair tháinig sé go Gaillimh bhí triúr crochta agus bhí an ceathrú duine le bheith crochta i gceann noiméad. D'fheach an fear ar an gcrochadóir agus dubhairt sé leis fhéin go gcaitheadh sé an cloch leis. Chaith sé í agus bhuail sé an crochadóir 'sa smig agus thuit sé marbh. Rith saighdiúrí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Gráine
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe