Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)
- Suíomh:
- Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Liam Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Chuana
- XML Leathanach 0046
- XML “An Fear agus na Sióga”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Fear agus na SídheógaBhí fear ann uair amháin agus bhí sé i gcómhnaidhe leis na sidheóga. Bhí sé ina chómhnaidhe in-aice Cnoc-Mágha. Oidhche amháin bhí na sidheóga ag dul ag goid fíona. Níor fhéad leis na sidheóga dul isteach go h-aon teach gan duine beó agus thug síad an fear seo leo. Bhí caipín ag chuile dhuine agus ní raibh acu acht “Fly away cap”, a rádh agus an caipín a chuir orra agus d’imtheóchadh siad 'san aer. Tháinig siad go dtí an teach agus bhí siad ag dul dtí [!] an seomra a raibh an fíon ann acht chuala na daoine iad agus rith siad go dtí iad. Chuir gach sídheóg an chaipín air agus dubhair[t] siad “Fly away cap” agus dimthigh siad as radharc. Níor chuimhnigh an fear beó ar an chaipín agus níor fhéad sé imtheacht. Rugadh air agus cuireadh an dlighe air agus(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Chuinneagáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe