Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0145

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0145

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0145
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sgéal.
    Bhí fear in-Éirinn fadó agus bhí capall aige. Láir a bhí innti agus bhí searrach aici. Taobh amuig de'n teorann bhí capall ag fear eile agus gearán a bhí ann. Bhí an ghrádh ag an searrach don ghearán agus ní fhanfadh sé leis an máthar chor ar bith Faoí deire dubhairt fear an gearán go mba leis féin an searrach agus go gcuin neochadh [!] sé é. Dubairt fear an searaigh go gcuirfeadh sé an cás roimh an rí agus an rad a déarfadh an rí go gcaithfeadh siad a bheith sásta leis. Cuaid síad roimh an rí agus dubhairt an rí an capall a leanfadh an searrach é go mba leis an fear sin an searrach.
    Cuireadh na caiple isteach i stábla agus nuair a leigeadh amach iad lean an searrach an ghearán. Ba le fear an ghearán an searrach annsin. Lá ar na bhárach chuaidh fear na láireach ag iasgaireacht ar charraig ar aghaidh pálás an Ríogh.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge