Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0005
  3. XML “An Dreoilín agus an Dáréag Mac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An Dreóilín agus an Dáréag Mac.
    Ins an droch-saoghal fadó bhí dreóilín ann dá raibh daréag mac aige. Nuair a tháinig mí Iúil tháinig sé geárr ar a mbeatha le iad a thógáil. Chuaidh sé ag ceannuidhe siopa go bhfaigheadh sé mála mion-bhuidhe ar spás go ceann ráithe go n-íocfadh sé é. Fuair sé sin ó fear an t-siopa. Nuair a bhí an ráithe caithte ni raibh sé ag tigheacht ag an siopadóir le n-íoc. Tháinig an siopadóir chuig teach an dreóilín go bhfuigheadh sé luach an mhála mhine-bhuidhe.
    Bhí an dáréag mac chomh mór leis an sean dreóilín. Ní raibh fhios ag ag [!] an siopadóir cé aca a n-íarrfadh sé dhe luach an mhála mhine. Aimsear na bhfataí nua a bhí ann agus bhíodar an-bheag. Bhí siad ag dul ag déanamh "cally" díobhtha. Dubhairt ceann aca le h-Aonmhar a dhul amach agus meacan a bhainnt le chur sa "gcally". Chuaidh sé amach agus thug sé buile ar a hí, buile ar a hó agus buile ar a tharraint acht chlis
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
        1. seanchas na n-éan (~2,478)
          1. dreoilíní (~39)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cuinneagáin
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Bun an Tobair, Co. na Gaillimhe