Scoil: Cill Chuana (uimhir rolla 12782)

Suíomh:
Cill Chuanna, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Liam Ó Conáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0117

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0022, Leathanach 0117

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chuana
  2. XML Leathanach 0117
  3. XML “Leigheasanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Seo leigheas do'n triuch, dá gcastaoí capall bán ort fiafruigh de'n tiomáinidhe an bhfuil leigheas aige do'n triuch agus an rud a déarfaidh seisean leigheasóchadh sé sin an triuch.
    An biadh nó an bainne a fágfas an firéid ina dhiaidh gan blas is leigheas do'n triuch é.
    Aon duine a cailleadh a athair dá rugadh é tá leigheas aige do bhéal tinn. Shéideadh sé isteach 'sa mbéal tinn roimh eirighe na gréine. Agus tá leigheas ag seachtmhadh mac nac bhfuil aon ingheann eatorra. Le h-aigidh n-eascóideacha. Dá gcuimleochadh tú do theanga le Dearg Daoil beadh leigheas agat ar dhóigheadh. Tá leigheas ar an lín freisin. Fadó nuair a bhí Naomh Muire agus Iósap in mBeitleham bhí siad ag iarraidh lóistín a fhághail. Chuaidh siad isteach i dteach amháin ina raibh sean fhear agus sean-bhean. D'iarr an Mhúirnín beannuighthe loistín orra. Ní tiubhradh an sean-fhear dhóibh acht bhí an bhean sásta é a thabhairt dhóibh.
    Chuaidh siad amach i stábla annsin agus is ann a rugadh Íosa. Ar uair a mheadhon oidhche fuair an sean -fear pian ina bolg. Chuaidh an bean amagh go dtí an stábla agus d'innis sí an sgéal do'n
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla